Elizabeth Bleynat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaElizabeth Bleynat
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSewanee: Ollscoil an Deiscirt
Coláiste Ealaíne Bhoirne Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinelizabethbleynat.com Cuir in eagar ar Wikidata
Instagram: elizabethbleynat_artist Cuir in eagar ar Wikidata

Ealaíontóir í Elizabeth Bleynat.

Bailíonn Bleynat plaistigh ildaite mhara agus í amuigh ar shiúlóidí rialta cois trá i gContae an Chláir. Is iad na plaistigh seo príomhábhair a cleachtais ealaíne. Cleachtas é atá tiomnaithe do chaomhnú agus do mhaoirseacht chósta na hÉireann. Trína cuid saothair, déanann Bleynat gach iarracht fiúntas a chur ar ais in ábhar dramhaíola; ag maíomh gur chóir áilleacht agus feidhm a bhaint as nithe atá ann cheana féin le truailliú plaisteach a athrú. Úsáideann sí teicnící ceardaíochta amhail fíodóireacht agus fuáil chun taipéisí balla agus dealbhóireacht a d’fhéadfaí a chaitheamh a chruthú. Ina cuid saothar, déanann sí machnamh ar shaothar daonna agus ar eiticí timpeallachta, agus í ag déanamh comparáide idir indiúscarthacht earraí agus saothar daonna. Na saothair mhionsonraithe ealaíne lámhdhéanta atá aici, molann siad an deisiú agus an t-athchóiriú, agus molann siad gur chóir dúinn maireachtáil go réidh leis an bpláinéad, agus an t-athchóiriú mar sprioc seachas an dúshaothrú. Bhain Bleynat Máistreacht sna Mínealaíona i gColáiste Ealaíne Bhoirne in Aibreán 2022.

Sa bhliain 2023 taispeánadh saothar leis an ealaíontóir i nDánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Ba Elizabeth Bleynat: Paisteáilte le Bruscar a céad taispeántas aonair.