Elijah Muhammad
Ceannaire an Náisiúin Ioslam ab ea Elijah Muhammad a rugadh leis an ainm Elijah Robert Poole ar an 7 Deireadh Fómhair, 1897 i Sandersville, Georgia agus a fuair bás ar an 25 Feabhra, 1975. Bhí tionchar nach beag ag Elijah Muhammad ar deisceabail eile amhail Malcolm X, Louis Farrakhan, Muhammad Ali agus a mhac Warith Deen Mohammed.
Bhí Elijah Muhammad ar duine de tríúr dhéag clainne a saolaíodh i mbochtanas i ndeisceart na tíre. Seanmóirí agus feirmeoir ab ea a athair William Poole Sr. (1868–1942) agus bean tí ab ea a mháthair Mariah Hall (1873–1958). Bhí cúrsaí eacnámaíochta agus fostaíochta thar a bheith géar sa chuid sin den tíre - mar muhintir den chine gorm ach go h-áirithe - agus thugadar aghaidh ar na cathracha nóra ó thuaidh chun a chuid a fheabhsú. Socraíodor in Hamtramck, Michigan agus an Spealadh Mór fós i mbarr a réime.
Agus é i mbun oibre in Detroit a fuair Elijah Muhammad an chéad bhlas den Ioslam ag cruinniú i mí Lúnasa na bliana 1931.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |