Edward Timmins
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1961 64/65 bliana d'aois |
| 29 Samhain 2024 – Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil Toghcheantar: Cill Mhantáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
| Teaghlach | |
| Athair | Godfrey Timmins |
Is polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael é Edward Timmins (Gaeilge: Eadbhárd Ó Tiomáin) agus atá ina Theachta Dála do dháilcheantar Chill Mhantáin ó olltoghchán 2024. Bhí Timmins ina Chomhairleoir Chontae Chill Mhantáin ón bhliain 2004 go bliain 2024.
Gairm pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Timmins ar Chomhairle Contae Chill Mhantáin don chéad uair do cheantar Bhealach Conglais sa bhliain 2004, agus atoghadh é ag gach toghchán áitiúil ina dhiaidh sin[1] go dtí gur toghadh chuig Dáil Éireann é.
Toghadh Timmins chuig an 34ú Dáil mar Theachta Dála de chuid Fhine Gael do dháilcheantar Chill Mhantáin in olltoghchán 2024.[2]
Is mac le Godfrey Timmins agus deartháir le Billy Timmins é, a bhí ina dTeachtaí Dála do Chill Mhantáin freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mac Raghnaill (22 Lúnasa 2024). “Fine Gael’s Edward Timmins to seek Wicklow general election nomination” (en). Dáta rochtana: 2 Nollaig 2024.
- ↑ Galvin (2 Nollaig 2024). “Wicklow General Election 2024 updates: Edward Timmins defeats Stephen Donnelly to join 34th Dáil” (en). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Nollaig 2024. Dáta rochtana: 2 Nollaig 2024.