Edward Jean Steichen
Jump to navigation
Jump to search
Grianghrafadóir a rugadh i Lucsamburg ab ea Edward Jean Steichen (1879-1973). I Meiriceá, chabhraigh sé le Alfred Stieglitz i mbunú an ghrúpa Fótascaradh i 1902. Sa chéad chogadh domhanda, ceannasaí ar roinn fhótagrafach an airm. Sna 1920idí bhain sé cáil amach as a ghrianghrafadóireacht nuaréalaíoch faisin is portráide. Sa dara cogadh domhanda, ina cheannasaí ar sheirbhísí grianghrafadóireachta chabhlach Mheiriceá. 1945-1962, ina stiúrthóir grianghrafadóireachta i Músaem Nua-Ealaíne Nua-Eabhrac, áit ar eagraigh sé an taispeántas cáiliúil The Family of Man (Clann an Duine, 1955).
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |