Edward Adelbert Doisy
Jump to navigation
Jump to search
Bithcheimicí a rugadh i Hume, Illinois ab ea Edward Adelbert Doisy (13 Samhain 1893–23 Deireadh Fómhair 1986). Bhain sé céim A.B. amach ó Ollscoil Illinois ag Urbana-Champaign (1914) agus céim M.S. ón ollscoil chéanna (1916). Fuair sé a dhochtúireacht ó Ollscoil Harvard sa bhliain 1920. Chaith sé formhór a shaol gairmiúil ag Ollscoil St. Louis, i Missouri.
Rinne sé taighde ar atáirgeadh is hormóin i gcomhar le Edgar Allen. Léirigh sé airíonna ceimiceacha an oibreán téachtaithe vitimín K. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Henrik Dam sa bhliain 1943 as seo.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |