Echu Tirmcharna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEchu Tirmcharna
Beathaisnéis
Bás556
Teaghlach
PáisteÁed mac Echach Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Eocha Tirimcharna mac Fearghasa (Sean-Ghaeilge Echu Tirmcharna mac Fergusso) (bás c. 556). Feictear sna ginealaigh gurbh é Dauí Tenga Uma (bás 500), iar-rí, a shin-sin-seanathair. Creideann Prof. Byrne áfach gur breagach iad luath ghinealaigh Uí Bhriúin.[1]

Sna ríliostaí, feictear é idir Ailill Baineanda (bás 549) agus a mhac féin, Aodh (bás 575).[2] I nAnnála Tiarnaigh, déantar trácht air ach amháin go raibh sé ina rí sa bhliain 556 agus gur tháinig a mac i gcomharbacht air sa bhliain 557.[3]

Déantar trácht ar Eocha sa Dán ar Ríthe na Connacht mar a leanas:[4]

d'éis Dúach, ba bladach bagda,[5]
Eochu tagach Tirmchárna

tar éis Duach, ba bhladhach[6] mhíleata
Eocha tofa Tirimcharna

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • [[Corpus of Electronic Texts]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings , lch. 245
  2. Leabhar Laighneach, cuid 30
  3. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  4. Dán ar Ríthe na gConnacht ar CELT
  5. bágda, míleata, ar eDIL
  6. cáiliúil