Eastát Stairmhonaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh an Tiarna Carson ar Ascaill Phrionsa na Breataine Bige.

Is eastát é Eastát Stairmhonaidh  in oirthear Bhéal Feirste, Contae an Dúin, Cúige Uladh. Tá príomhfhoirgnimh Rialtais Thuaisceart Éireann suite ann, agus tá sé timpeallaithe ag coillte agus fearann páirce.

Suite laistigh den bhaile fearainn 'Baile Lios na Scáth' (Béarla: Ballymiscaw), ba leis an t-Urramach John Cleland an eastát ar dtús. Ainmníodh an áit i gcuimhne dúiche i Siorrachd Pheairt agus ciallaíonn an focal 'Stairmhonadh' ; "bealach trasna an tsléibhe".[1]


Foirgneamh Íomhá Faoi
Foirgnimh an Chaisleáin Castle Buildings, Stormont Estate - geograph.org.uk - 1393935.jpg Ceanncheathrú na hOifige Feidhmiúcháin, na Roinne Sláinte agus na Roinn Dlí agus Cirt. Díol suntais is ea an Caisleán le haghaidh a úsáid mar suíomh na gcaibidlí a bhain le Chomhaontú Bhéal Feirste.
Teach Dhún Dónaill Dundonald House - geograph.org.uk - 1325810.jpg Ceanncheathrú státseirbhís Thuaisceart Éireann, an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe agus Seirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann .
Foirgnimh Craigantlet Ceanncheathrú na Roinne Airgeadais.
Maynard Sinclair Pavilion Baile chun an státseirbhís Thuaisceart Éireann Spóirt agus Sóisialta Club.
Foirgnimh na Parlaiminte StormontGeneral.jpg Suíochán Thionól Thuaisceart Éireann. (De ghnáth dá ngairtear Stairmhonadh.)
Caisleán Stairmhonaidh Stormont Castle - geograph.org.uk - 964434.jpg Suíochán Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Teach Stairmhonaidh Ceanncheathrú Oifig Thuaisceart Éireann.

Rialacháin Stairmhonaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bíonn na rialacháin lena rialaítear úsáid an eastáit seo ar thaispeáint ar an bhealach isteach. Achtaíodh iad ar dtús ar an 31 Deireadh Fómhair 1933, in ordú na hAireachta Airgeadais. Leasaíodh iad seo ar dheireadh thiar agus seo a leanas na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair:

  • The Stormont Estate Regulations, 1933 
  • The Stormont Estate Amendment Regulations (Northern Ireland), 1951
  •  The Stormont Estate Amendment Regulations (Northern Ireland), 1958

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]