Easón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is easón[1] ann ná seicheamh códaithe de núicléitídí, agus mar sin de bhunphéirí, taobh istigh de ghéin ar an DNA, scartha ón gcéad eastrón eile ag iontrón (seicheamh neamhchódaithe). Tar éis an chéad tras-scríobh ó ghéin (an phríomhthrascríobh) a dhéanamh, seicheamh comhtheagmheálach de RNA neamhchódaithe (iontróin) is RNA codaithe (easóin) a bhíonn inti. Ansin baintear na hiontróin amach, agus spladhsáiltear na heasóin le chéile chun an teachtaire-RNA (mRNA) a dhéanamh. Sainíonn seicheamh an mRNA an phróitéin. Ascnaíonn an mRNA amach ón núicléas do na ribeasóim sa chíteaplasma, áit a n-aistrítear an t-eolas géiniteach sa seicheamh seo ina phróitéin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “easón” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Easón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 238.