Easóg
Mustela erminea ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Sonraí | |
Tréimhse iompair | 9.5 míosa ![]() |
Príomhfhoinse bia | coinín ![]() |
Is foinse é an tacsón seo de | miniver (en) ![]() ![]() ![]() |
Ionchas saoil | 5 bliain ![]() |
Tréimhse saoil is faide | 12.5 bliain ![]() |
Gnáthóg | caschoill agus foraois ![]() |
Airde | 0.2475 m ![]() |
Mais | 0.219 kg (meáchan fásta) ![]() |
Meánlíon in ál | 6 ![]() |
Stádas caomhnaithe | |
![]() | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 29674 ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Rang | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Fine | Mustelidae |
Géineas | Mustela |
Speiceas | Mustela erminea ![]() Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha |
Cineál ainmhí beag feoiliteach í an easóg (Mustela herminea).[1] Ainmneacha Gaeilge eile iad eas, beainín uasal agus cailín uasal. Bíonn na heasóga le fáil sna réigiúin mheasartha, fho-artacha agus artacha san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá Thuaidh. Tugadh roinnt acu go dtí an Nua-Shéalainn freisin le srianta a chur leis na coiníní a bhí ag rith damhsa ar fud na n-oileán.[2]
Bíonn na heasóga amuigh istoíche nó le creapascal an lae. Uaireanta, d'fheicfeá ceann acu de lá freisin.[3]
Maraíonn an easóg feithidí, coiníní, creimirí cosúil le luchóga agus francaigh, éanacha, agus uaireanta, éisc.[1] Tá an easóg in ann ainmhithe is mó ná í féin a mharú. Nuair is féidir léi níos mó ainmhithe a mharú ná a ithe, cuireann sí an farasbarr acu i dtaisce le haghaidh na coise tinne.
Tugann an easóg an-aire dá chríoch féin, agus í ag cur ruaigeadh ar na heasóga eile den ghnéas chéanna a chastar uirthi taobh istigh dá raon. Bíonn níos mó ná aon phluais aici taobh istigh dá raon, agus is minic a bhaineann sí úsáid as pluaiseanna na n-ainmhithe a mharaíonn sí. Cé go bhfuil an easóg chomh beag is atá, tá an baineannach an-fhada ag iompar clainne, mar atá, aon mhí déag. Luíonn sé le réasún nach féidir leis an easóg ach aon ál amháin a bhreith in aghaidh na bliana.[4]
Bíonn an easóg donn, ach i dtíortha ina mbíonn sé ag síobadh sneachta sa gheimhreadh, iompaíonn an easóg bán le nach n-aithneofaí thar an sneachta í.[5]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Harris, Stephen, 1950- Yalden, D. W. (Yalden, Derek William), 1940- (2008). "Mammals of the British isles : handbook". The Mammal Society. OCLC 489547862.
- ↑ King, C. M. (Carolyn M.) (1984). "Immigrant killers : introduced predators and the conservation of birds in New Zealand". Oxford University Press. OCLC 12628226.
- ↑ "Stoat and weasel" (en). NatureScot. Dáta rochtana: 2022-10-20.
- ↑ King, C. M. (Carolyn M.) (2007). "The natural history of weasels and stoats : ecology, behavior, and management". Oxford University Press. OCLC 62089933.
- ↑ V. G. Geptner; A. A. Nasimovich, A. G. Bannikov, Robert S. Hoffmann (1989-<c2002>). "Mammals of the Soviet Union". Leiden: Brill. OCLC 17953816.
![]() | Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |