Eala dhubh
| Cygnus atratus | |
|---|---|
| Taifead | |
| Sonraí | |
| Mais | 258 g 6.2 kg 5.1 kg |
| Réise sciathán | 180 cm |
| Meánlíon in ál | 5.5 |
| Tréimhse ghoir | 38 laethanta |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 22679843 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Anseriformes |
| Fine | Anatidae |
| Géineas | Cygnus |
| Speiceas | Cygnus atratus (Latham, 1790) |
| Ainmníocht | |
| An chéad ainm Laidine a bhí air | Anas atratus |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
| Ceantair eindéimeacha | |

Is éan uisce í an eala dhubh[1] (Cygnus atratus). a phóraíonn go príomha i réigiúin thoir theas agus iardheisceart na hAstráile. Laistigh den Astráil, tá an eala dhubh fánach, agus patrúin imirce mhearbhlacha ag brath ar dhálaí aeráide. Is éan mór é le cluimhreach dhubh agus gob dearg. Is póraitheoir monagamach é, agus comhroinneann an dá chomhpháirtí dualgais goir agus cothaithe. Is ball d’fhine na Anatidae í.
Tugadh an eala dhubh isteach i dtíortha éagsúla mar éan ornáideach sna 1800í, ach d'éirigh léi éalú agus daonraí cobhsaí a chruthú.
Sainmhíníodh an t-eala dubh go heolaíoch ag an nádúraí Sasanach John Latham sa bhliain 1790. .Roimhe seo, cuireadh an t-éan seo ina ghéineas aonchineálach (monaitíopach) , Chenopis.
Is féidir ealaí dubha a fháil go haonarach, nó i gcomhluadair scaoilte ag uimhriú isteach sna céadta nó fiú sna mílte. Is éan a mbíonn tóir uirthi i ngairdíní zó-eolaíocha agus i mbailiúcháin éan, agus uaireanta feictear éaluithe lasmuigh dá raon nádúrtha.
Cé go bhfuilsí siad dúchasach d'iardheisceart agus d'oirdheisceart na hÁstráile, tugadh isteach iad i roinnt áiteanna eile ar domhan.
Tá an t-éan seo ina shiombail réigiúnach d'Iarthar na hAstráile, áit a bhfuil sí dúchasach, agus don bhaile Dawlish i Sasana, áit ar tugadh isteach é mar speiceas allúrach.
Ealaí dubha agus Alba
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nochd an chéad eala dhubh sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 1791, ach níor shíolraigh siad go dtí 1902, agus níl sí fós ar an liosta d'éin a bhfuul daonra féinchothaitheach acu sa Ríocht Aontaithe.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Cygnus atratus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |