Ealaín ríomhaire
Cuma
Stíl ealaíne a thosaigh i ndiaidh an dara cogadh domhanda le húsáid ríomhairí analógacha chun líníocht theibí a chruthú, mar a rinne an t-ealaíontóir Sasanach Desmond Paul Henry (1921-2004) don taispeántas Cybernetic Serendipity (Seirindipíocht Chibirniteach) i 1968. Ó na 1960idí tá ríomhairí digiteacha nua-aoiseacha in úsáid ag ealaíontóirí, cosúil le Charles Csuri is Robert Mallory, chun líníocht, péintéireacht, is fiú dealbhóireacht a tháirgeadh. Dearann an t-ealaíontóir le CAD ar leith, agus déanann an ríomhaire an toradh a phriontáil nó an déanamh a threorú le CAM ar leith.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ealaín ríomhaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 235.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |