Ealaín na hOllainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Féinphortráid Rembrandt ón bhliain 1661

Bhain ealaín Phoblacht na hOllainne (Protastúnach den chuid is mó) buaic an-ard amach sa 17ú céad. Sa phéintéireacht go háirithe, i ndiaidh van Eyck is Bosch sa ré roimhe sin, tháinig Hals, Rembrandt, Steen, Ruysdael is Vermeer chun cinn le léargais ón Athbheochan san Iodáil. Faoi dheireadh an chéid ba é Haarlem, mar ar shaothraigh Hals, lárionad na péintéireachta. Ag an am sin bhí Terbrugghen is Honthorst ag saothrú stíl Iodálach Caravaggio in Utrecht, agus ba é lár an mhargaidh Eorpaigh san ealaín Amstardam, mar ar shaothraigh Rembrandt ó 1632. Ní raibh aon éileamh ar théamaí reiligiúnda, agus dhírigh na healaíontóirí Ollannacha ar phortráidí, radhairc tíre is ábhair neamhbheo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]