Eaglais San Audoen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Eaglais San Audeon

Is éard is Eaglais San Audoen ann ná eaglais i mBaile Átha Cliath a tógadh sa bhliain 1190, díreach 20 bliain i ndiaidh choncas na nAngla-Normannach. Is í seo an eaglais pharóiste is sine i mBaile Átha Cliath atá fós in úsáid. Tá an eaglais in úsáid mar ionad adhartha ag Eaglais na hÉireann. Tá leaca uaighe ó ré na meánaoise ar chuid d'urlár na seaneaglaise Normannaí. Tá sí tiomnaithe do Naomh Ouen, easpag Rouen ón 7ú haois agus pátrún na Normainne.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-alt seo bunaithe ar chomharthaí poiblí de chuid na Comhairle Cathrach.