Jump to content

Eòghan MacLachlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEòghan MacLachlainn
Beathaisnéis
Breith1775
Loch Abar, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1822
46/47 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOilthigh Obar Dheathain
Coláiste an Rí, Obar Dheathain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfoclóirí, file, scríbhneoir, scoláire na léann clasaiceach, teangeolaí, aistritheoir, leabharlannaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOilthigh Obar Dheathain Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban, Béarla, an Laidin agus an tSean-Ghréigis

Fear léinn agus file Ghaeilge na hAlban ab ea Eòghann MacLachlainn (Béarla: Ewen MacLachlan) (1775[1]1822). Rugadh agus tógadh i Loch Abar é.

Tá clú air mar gheall ar aistriúcháin go Gaeilge na hAlban a rinne sé ar sheanlitríocht as Gréigis agus as Laidin, filíocht Ghaeilge na hAlban a scríobh sé féin, agus an obair a rinne sé ar an Dictionarium Scoto-Celticum (Foclóir an Chumainn Ghaelaigh).

Rugadh é sa bhliain 1773 i Loch Abar.[2]

Chuaigh sé go Coláiste an Rìgh, Obar Dheathain.[2] Bhí sé ina leabharlannaí i gColáiste an Rìgh.[2]

D'oibrigh sé freisin do Chomann Gàidhealtachd na h-Alba ag scrúdú a gcuid lámhscríbhinní don fheachtas ina raibh baint ag an gComann leis agus na dánta Oisein le Seumas Mac a' Phearsain a dhearbhú.[3] Scríobh sé tuairisc ar na lámhscríbhinní dar teideal The Celtic Analysisanois ag NLS Adv.MS.72.3.4).[3][4]

Ag tús an 19ú haois, chuaigh Comann Gàidhealtachd na h-Alba i mbun feachtais ar son Cathair Cheilteach a bhunú ag leibhéal na hollscoile. Bhíothas ag súil go mbeadh MacLachlainn ina Chathaoirleach, ach níor éirigh leis an bhfeachtas agus stop sé in 1813.[3]

An bhliain dár gcionn, thosaigh sé ag obair ar Fhaclair Gàidhlig Comann Gàidhealtachd na h-Alba a foilsíodh sa bhliain 1828.[2] Lean sé air ag comhbhainistiú obair an fhoclóra leis an Urr. Dr Iain MacLeòid go dtí go bhfuair sé bás.[3]

Mar fhile, scríobh sé i Laidin agus i nGréigis chomh maith le Béarla agus Gaeilge na hAlban.[2] D'fhoilsigh sé leabhar dánta, Metrical Effusions, sa bhliain 1807.

D'aistrigh sé An tÍliad go Gaeilge na hAlban, ach níor foilsíodh é go dtí 1937.[2]

Fuair sé bás sa bhliain 1822 agus é 47 bliain d'aois.[2][3]

Clár léitheoireachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foillseachaidhean MhicLachlainn

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • 1807. Ewen MacLachlan Attempts in verse (Aberdeen: Printed for the author by J. Chalmers) (ann am Beurla, Laideann agus Greugais)
  • 1808. Evano McLachlan Collegium Bengalense: nobilissimo et ornatissimo viro Marchioni de Wellesley, Indiae Orientalis Praefecto (Aberdoniae [Obar Dheathain]: J. Chalmers)
  • 1810. Ewen MacLachlan Elegy on the death of Mr. James Beattie. (Aberdeen: s.n.)
  • 1813. P. MacPharlain Co'-chruinneachadh de dh'orain agus de luinneagaibh thaghta Ghae'lach / Maille ris an Treas Duan de Sgeulachd na Tròidhe air a chur an Gaelig o'n Ghrèugais le Eobhon Mac Lachainn. (Dun-Eudainn [Dùn Èideann]: T. Stiubhart)
  • 1937. Ewen MacLachlan Ewen MacLachlan's Gaelic verse : comprising a translation of Homer's Iliad, books I-VIII, and original compositions deas. le John MacDonald. (Inverness: Printed for the University of Aberdeen by R. Carruthers)
  • An t-Earrach: ann an An Lasair[5]

Obair Eagarthóireachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • 1818. Seumas Mac a' Phearsain Dàna Oisein mhic Fhinn: air an cur amach airson maith coitcheannta muinntir na Gaeltachd. deas. le 'Eobhan Mac Lachlainn' (Dun-Eidin [Dùn Èideann]: T. Stiubhart) (Leth-bhreac didseatach NLS)

Scríbhinní mar gheall air

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Meek, D. (2003) Caran an t-Saoghail Edinburgh: Birlinn


  1. Feictear 1773 i bhfoinsí áirithe.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 Meek, D. (2003) Caran an t-Saoghail (Edinburgh: Birlinn) d.480
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Black, R. 1989. 'The Gaelic Manuscripts of Scotland' ann an Alba agus a' Ghàidhlig deas. le William Gillies, (Edinburgh: Edinburgh University Press) d.147
  4. Catalog NLS
  5. Black, R. (deas.) 2001. An Lasair: An Anthology of Eighteenth-century Gaelic Verse (Edinburgh: Birlinn), d.340-351 (le eadar-theangachadh gu Beurla)