Gradaim an Acadaimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Duais Academy)
31ú Gradaim an Acadaimh, Hollywood, 1959.
81ú Gradaim an Acadaimh, Hollywood, 2009.

Is ionann Gradaim an Acadaimh (The Academy Awards as Béarla), nó Na hOscair, agus gradaim a bhíonn á mbronnadh ag Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí na Scannán (AMPAS) i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun aitheantas a léiriú d'fheabhas na ndaoine gairmiúla i dtionscal na scannán, idir stiúrthóirí, aisteoirí agus scríbhneoirí. Déantar é seo ag searmanas gach uile bhliain.

Bíonn sé ar cheann de na himeachtaí teilifíse is mó ar domhan ó thaobh lucht féachana de.

Bronntar deilbhín óir ar an duine a thugann an svae leis/léi i gcatagóir ar bith de na gradaim.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuireadh tús leis na Gradaim ar 16 Bealtaine 1929.

Sa bhliain 1953, craoladh na Gradaim ar an teilifís don chéad uair (19 Márta ar NBC, agus ansin ABC ó 1960).

Naisc Sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]