Drugaí dearthóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le drugaí dearthóra (Béarlaː designer drugs) nó 'siabhráin dhleathacha' ('legal highs') uaireanta ná drugaí saorga, cosúil le hamfataimíní, nach bhfuil faoi réir an dlí.[1][2]

Dearann ceimicithe iad le struchtúr rud beag difriúil ó na drugaí atá clúdaithe is toirmiscthe ag an dlí, ach bíonn a bhfeidhmeanna inchurtha leis na drugaí rialaithe.

Déantar na drugaí faoi rún, agus dáiltear ar na sráideanna iad trí shiopaí beaga nó fiú díoltóirí mídhleathacha drugaí.

Tá fíorbheagán eolais faoi céard atá istigh iontu. Chomh maith leis na baoil a bhaineann le mí-úsáid drugaí, bíonn truaillithe baolacha eile sna drugaí dearthóra seo uaireanta. Tá fhios againn go bhfuil siad ábalta a bheith ina n-údar do chliseadh duánach, fadhbanna leis an chroí, paranóia agus taomanna.[3] Tá táirgeadh, dáileadh is úsáid na n-ábhar seo ag dul i méid an t-am ar fad.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "What exactly are legal highs?" (en-GB). BBC News (2016-05-26). Dáta rochtana: 2022-06-26.
  2. gov.uk. "WHAT ARE LEGAL HIGHS?". Dáta rochtana: 2022.
  3. COGG. "Tobar na Gaoise". Dáta rochtana: 2022.
  4. Hussey, Matt (2011). "Drugaí dearthóra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 224.