Dreoilín
| Troglodytes troglodytes | |
|---|---|
Troglodytes troglodytes troglodytes | |
| Taifead | |
| Sonraí | |
| Réise sciathán | 15 cm |
| Meánlíon in ál | 6.3 |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| AICD | 103883277 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Passeriformes |
| Fine | Troglodytidae |
| Géineas | Troglodytes |
| Speiceas | Troglodytes troglodytes (Linnaeus, 1758) |
| Ainmníocht | |
| An chéad ainm Laidine a bhí air | Motacilla troglodytes |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
- Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Troglodytes troglodytes; má tá suim agat in éin eile a dtugtar “dreoilín” orthu, féach Dreoilín (fine).
Éan beag ceoil atá sa dá leathsféar den domhan, ach clanna éagsúla sa dá cheann, is ea an dreoilín.


Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]An-fhlúirseach i Meiriceá teochreasach. A chlúmh donn nó scothdhearg in uachtar, agus bán, liath nó donnbhuí in íochtar. Patrún gleoite rialta ar a sciatháin is an dá thaobh dá bholg. Gob fada air, is a eireaball in airde. Itheann sé feithidí is damháin alla. Déanann an fireannach an-chuid ceoil, tríleach ard thar cheol aon éin eile. Déanann sé nead i gcruth sféar agus poll sa taobh mar bhealach isteach is amach, as caonach is féar, le cleití mar líneáil. Tógann sé dhá ál sa bhliain.

In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an dara éan is lú in Éirinn, ach “rí na n-éan”.[1]
In Éirinn, tugtar Lá an Dreoilín ar an 26 Nollaig, nó Lá Fhéile Stiofáin, is é sin fiach an dreoilín. Tá sé de nós ag lucht an dreoilín - agus / nó ná cleamairí - dul amach ag fiach chun an dreoilín bocht a mharú Lá Fhéile Stiofáin.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dreoilín". Fréamh an Eolais. Coiscéim.
- ↑ Caoimhín Ó Cadhla (2024-12-21). "Lá an Dreoilín – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-22.