Drosera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Drúchtín móna)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDrosera Cuir in eagar ar Wikidata

Drosera spatulata Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdCaryophyllales
FineDroseraceae
GéineasDrosera Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochDrosera rotundifolia Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Géineas plandaí beaga ascaideacha feoiliteacha, de ghnáth ilbhliantúil, is ea Drosera. Tugtar drúchtínídrúchtíní móna orthu.[1] Tá siad dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is mheasartha san Astraláise is an Afraic Theas. Na duilleoga spúnógchruthach nó liánchruthach, clúdaithe le gruaigí fada dearga. Na bláthanna cúigpheitealach le spící caola. Is cosúil le brathribí na ribí gruaige ar na duilleoga, iad inghluaiste, gach ceann le faireog sféarúil ar a cheann a thálann ábhar greamaitheach. Aomtar feithidí chuig na braoiníní lonracha agus greamaítear iad ansin. Nuair a thosaíonn siad ag coraíocht, lubann na gruaigí isteach, ag cur bac orthu éalú. Ansin lúbann an duilleog féin isteach chun an chreach a imchlúdú. Tálann na faireoga einsímí ansin, agus díleánn an planda an chreach roimh athoscailt na duilleoige is na ribí gruaige. Tá ar a laghad 194 speiceas ann.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Drosera” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Drúchtín móna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 224.