Donald Knuth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDonald Knuth

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Donald Ervin Knuth
Beathaisnéis
Breith10 Eanáir 1938
86 bliana d'aois
Milwaukee, Wisconsin Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síCalifornia Institute of Technology - matamaitic (1960–1963)
Case Western Reserve University (en) Aistrigh - matamaitic (–1960)
Ardscoil Liútarach Milwaukee (–1956) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Tráchtas acadúilFinite Semifields and Projective Planes (1963 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaMarshall Hall
Gníomhaíocht
Réimse oibreMatamaitic theaglamach, ríomheolaíocht agus anailís ar algartaim
Suíomh oibre Stanford Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmatamaiticeoir, múinteoir ollscoile, innealtóir, acadóir, ríomhchláraitheoir, staraí matamaitice, scríbhneoir, eolaí ríomhaireachta, clódhearthóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirInstitute for Defense Analyses (en) Aistrigh (1968–1969)
Burroughs Corporation (1960–1968)
Ollscoil Stanford
California Institute of Technology Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
UirlisOrgán
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaLeonidas J. Guibas, Michael Fredman, Scott Kim, Vaughan Pratt, Robert Sedgewick, Jeffrey Vitter, Andrei Broder, Bernard Marcel Mont-Reynaud, Luis Trabb Pardo, Gary Don Knott, John Fredrick Reiser, Lyle Harold Ramshaw, Christopher John Van Wyk, Ignacio Andres Zabala Salelles, Mark Robbin Brown, Franklin Mark Liang, John Douglas Hobby, Pang-Chieh Chen, Ramsey Wadi Haddad, Tomas Feder, Richard Lee Sites, Daniel Hill Greene, Michael F. Plass, Clark Allan Crane, Isu Fang, Edwin Hallowell Satterthwaite, Jr., Wayne Theodore Wilner, Richard Eric Sweet, Bruce Guenther Baumgart, Ashok Subramanian, Steven Ira Gallant agus Anil Ramesh Gangolli
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinwww-cs-faculty.stanford.edu… Cuir in eagar ar Wikidata

Is ríomheolaí, matamaiticeoir agus ollamh emeritus in Ollscoil Stanford é an Meiriceánach Donald Ervin Knuth a rugadh ar 10 Eanáir 1938. Bronnadh an ACM Turing Award air i 1974, duais a mheastar mar dhuais Nobel na ríomheolaíochta. Tá aithne air mar athair na hanailíse algartam.

Is údar an leabhair chailiúil il-imleabhar The Art of Computer Programming é. D'oibrigh sé ar mhaithe le forbairt diananailís ríomhchastacht na n-algartam agus leag sé amach córas le teicnící foirmiúla matamaitice dó. I mbun na hoibre sin, scaip se an nodaireacht asamtóiteach freisin. Chomh maith le bunábhair a chur ar fáil i mbrainsí ar leith sa ríomheolaíocht theoiriciúíl, is é cruthaitheoir an ríomhchórais clóchuradóireachta TeX é, an teanga sainmhínithe um chlónna agus córas rindreála METAFONT agus an tacar cló-aghaidheanna gaolmhara Computer Modern.

Mar scríbhneoir agus scoláire, chruthaigh Knuth na córais ríomhchlárúcháin WEB agus CWEB a dhear sé chun ríomhchlárúchán léannta a ghríosú agus a éascú, agus dhear sé na hailtireachtaí tacar treoracha MIX/MIXX. Tá Knuth go láidir i gcoinne paitinn a chur ar bhogearraí, tar éis a thuairim féin a thabhairt don Oifig um Phaitinní agus Trádmharcanna sna Stáit Aontaithe agus don Eagraíocht Eorpach um Phaitinní.