Donal O’Donnell (breitheamh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDonal O’Donnell
Beathaisnéis
Breith10 Aibreán 1958
65 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann
11 Deireadh Fómhair 2021 –
← Frank Clarke
Breitheamh de Chúirt Uachtarach na hÉireann
20 Eanáir 2010 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Virginia
St. Mary's Christian Brothers' Grammar School, Belfast (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairTurlough O'Donnell

Breitheamh is ea Donal O’Donnell agus Príomh-Bhreitheamh na hÉireann ó 2020 (a rugadh ar 25 Deireadh Fómhair 1957).[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Donal O’Donnell i mBéal Feirste agus cuireadh oideachas air ag P.B.C. Scoil Naomh Muire, an  Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (B.C.L.), Óstaí an Rí (B.L) agus Ollscoil Virginia (LL.M).

Ba bhall a athair, an Tiarna Breithimh Turlough O’Donnell, d’Ard-Chúirt Thuaisceart Éireann agus den Chúirt Achomhairc idir 1971 agus 1990 agus bhí sé ina bhall páirtaimseartha den Choimisiún um Athchóiriú Dlí na hÉireann.

Gairm dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh é a ghairm chuig Barra na hÉireann i 1982, thosaigh sé a chleachtas i 1983 agus rinneadh é a ghairm chuig Barra Thuaisceart Éireann i 1989. Ceapadh é ina abhcóide ar chomhairle na Banríona i 1995 agus bhí sé ag cleachtadh i ngach cúirt in Éirinn, i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Cé go raibh sé ag an mBarra, d’fhoilsigh sé ailt i Ráitheachán Dlí Thuaisceart Éireann (NILQ), Irisleabhar na hInstitiúide um Staidéar Breithiúnach (JSIJ), agus san Athbhreithniú ar an mBarra.

Bhí Donal O’Donnell ina bhall den Choimisiún um Athchóiriú an Dlí idir 2005 agus 2012.

Is ball é de Choiste Acadamh Ríoga na hÉireann ar Bhunúis na Bunreachta. Rinneadh Binseoir Óstaí an Rí de in 2009 agus ceapadh é chuig an gCúirt Uachtarach in 2010.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Office of the President of Ireland. "Diary President Appoints Mr Justice Donal Odonnell As New Chief Justice" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-12-19.