Domhnach Mór, Contae Chill Dara
Cuma
Domhnach Mór, Contae Chill Dara | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Lonnaíocht mhanachúil | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Bharróg Thiar, Éire | |||
| ||||
Tá níos mó ná áit amháin darb ainm “Domhnach Mór” in Éirinn. Féach Domhnach Mór.
Is lonnaíocht mhanachúil suite timpeall dhá chiliméadar taobh amuigh de Mhaigh Nuad, i gContae Chill Dara é Domhnach Mór. Sheas an mhainistir anseo go dtí thart ar an 11ú haois. Tá iarsmaí na mballaí agus binn fágtha den eaglais ón 14ú haois, a tógadh ar an suíomh agus reilig bheag. Tá sé timpeallaithe ag páirc darb ainm an Cartún.[1] Tá clú agus cáil air ó 1902, nuair a d'aimsigh an tiarna Uaitear Mac Gearailt,[2] mac Shéarlais Mhic Gearailt, cloch oghaim san áit.[3]
Timpeallaíonn an reilig bheag an séipéal. Sa bhliain 1996, bhí adhlacadh amháin ann, sé sin corp iaruachtarán Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, an moinsíneoir Matthew O’Donnell. Cuireadh é in uaigh a athar.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Cartún". logainm.ie. Dáta rochtana: 06 Samhain 2024.
- ↑ History of St Marys Maynooth & Ladychapel www.maynooth.org, 28 August 2008
- ↑ Notes on the Ogam-Inscribed Stones of Donaghmore, Co. Kildare, and Inisvickillane, Co. Kerry by Professor Rhys The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, (31 March 1903)
- ↑ "Monastic Settlement at Grangewilliam / Donaghmore". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 February 2012.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |