Is éard is dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin[1] (nó CD-ROM) ann ná meán stórála ríomhaire, bunaithe ar an dlúthdhiosca caighdeánach 25 mm, le ceadúnas ó chomhlachtaí Sony is Philips, a úsáidtear de ghnáth chun closchomharthaí a stóráil. Is féidir le diosca amháin níos mó ná 600 meigibheart sonraí ríomhaire a stóráil, cuid mhaith níos mó ná diosca crua maighnéadach den mhéid céanna. Is dioscaí léimh amháin an chuid is mó de na dlúthdhioscaí seo. Cuirtear na sonraí orthu le linn a ndéanta agus, ní hionann is an diosca crua, ní féidir iad a athrú. Is é an phríomhfheidhm a bhaintear astu ná toirteanna móra eolais a chur ar fáil, cosúil le ciclipéidí is bunachair. Le scríbhneoir CDanna, feiste cosúil le dioscathiomáint, is féidir scríobh ar CD-ROM inscríofa (féach CD-R nó CD-RW) agus é a úsáid cosúil le diosca flapach.[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.