Dlí Ohm





Maíonn dlí Ohm go bhfuil an sruth (I), i gciorcad leictreach, atá ag dul trí sheoltóir idir dhá phointe, i gcoibhneas díreach leis an difríocht poitéinsil (sé sin titim i voltas V) trasna an dá phointe, agus i gcoibhneas inbhéartach leis an bhfriotaíocht (R) eatarthu.[1]
Is riail bhunúsach í i gcúrsaí srutha leictrigh. Má bhíonn foinse voltais mar chill leictreach nó dineamó ann, agus má cheanglaítear ceann amháin de sheoltóir miotalach líneach le teirminéal dearfach na foinse, is an ceann eile leis an teirminéal diúltach, sreabhann sruth leictreach tríd an seoltóir. Is é an voltas a fheidhmíonn chun an sruth a bhrú chun tosaigh. Is é dlí Ohm go bhfuil an sruth díreach i gcomhréir leis an voltas idir cinn an tseoltóra, nó go bhfuil an cóimheas idir voltas (i voltais, V) is an sruth (in aimpéir, A) ina thairiseach.[2]
Tugtar an fhriotaíocht ar an gcóimheas thuas, agus is é an t-óm (Ω) a aonad. Más beag an fhriotaíocht is maith an seoltóir chun seolta leictrigh, agus más an-mhór an fhriotaíocht ní shreabhann oiread ar fiú trácht air de shruth.
De reir dlí Ohm, ní mór foinse voltais a bheith ar fáil chun sruth leictreach a bhrú trí fhriotaíocht seoltóra ar bith. Is é sainmhíniú an voltais ná an méid oibre i ngiúil a dhéanann an thoinse (nó an méid fuinnimh a sholáthraíonn sí) chun cúlóm amháin luchta a aistriú ó theirminéal arnháin go teirminéal eile.[2]
De réir dlí Ohm, nuair a ritheann sruth trí ábhar forsheoltach ní bhíonn aon voltas trasna, agus ní chruthaítear aon teas ón bhfuinneamh leictreach a iompraítear tríd. Mar sin, tá an seoladh srutha leictrigh lánéifeachtach trína leithéid d'ábhar.[2]
Aonad na friotaíochta leictrí, ar siombail dó an litir Ghréagach Óimige (Ω). Ionann is friotaíocht friotóra le voltas aon volta (1 V) idir a theirminéil a bhfuil sruth aon aimpéar (1 A) ag rith ann.
Tugtar seoltóir ar an ábhar trína sreabhann an sruth, agus chun an sruth a chur ar siúl, ní mór fórsa leictreaghluaisneach nó voltas chun an sruth a bhrú trí fhriotaíocht an tseoltóra, de réir dlí Ohm.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmníodh an riail seo in onóir don eolaí Gearmánach Georg Ohm (1789-1854) a d'fhionn an ceangal I = V/R.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ccea.org.uk (2019). "Eolaíocht Teastas Singil". Dáta rochtana: 2026.
- 1 2 3 Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim, 2011)