Volta
Cineál | aonad SI a bhfuil ainm speisialta air, aonad díorthaithe UCUM, unit of electric potential (en) , unit of electric potential difference (en) agus unit of voltage (en) |
---|---|
Aonad de | difríocht poitéinsil, fórsa leictreaghluaisneach, poitéinseal leictreach, electric potential difference (en) , bioelectric potential difference (en) , poitéinseal scannáin, Peltier coefficient (en) agus electrotonic potential (en) |
Eapainm | Alessandro Volta |
Tiontuithe aonad | |
In aonaid SI | 1 V |
Is éard is volta ann ná an t-aonad (i gCóras Idirnáisiúnta na nAonad) a thomhaiseann an poitéinseal leictreach, an difríocht sa phoitéinseal leictreach, agus an fórsa leictreaghluaisneach. Fuair an volta a ainm ó Alessandro Volta, a chéadcheap an "carn voltach", an chéad bhataire leictreach ceimiceach.
Sainmhíniú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an volta an difríocht sa phoitéinseal leictreach idir dhá cheann na sreinge leictrí, agus í faoi shruth leictreach aon aimpéar amháin, más ionann an chumhacht a scaiptear agus aon vata amháin. Is féidir an volta a shainmhíniú ar dhóigheanna eile freisin: má tá dhá phlána faoi aon mhéadar dá chéile, agus iad ag gineadh réimse leictreach niútan amháin in aghaidh an chúlóim, is ionann an difríocht sa phoitéinseal leictreach idir an dá phlána agus aon volta amháin. Is féidir an bhaint atá ag an volta leis na haonaid eile sa chóras SI a aithint ar an bhfoirmle seo:
San fhoirmle seo, is ionann:
- V agus an volta (aonad an voltais, nó an phoitéinsil leictrigh)
- W agus an vata (aonad na cumhachta)
- J agus an giúl (aonad an fhuinnimh)
- C agus an cúlóm (aonad an luchta leictrigh)
- A agus an t-aimpéar (aonad an tsrutha leictrigh)
- N agus an niútan (aonad an fhórsa)
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |