Diosbóis
Jump to navigation
Jump to search
Suaitheadh sa bhfásra baictéarach i gcanáil an bhia a chuireann isteach ar fheidhmiú na putóige agus a chuireann tús le buinneach, mí-ionsú, nó fiú ionsú tocsainí ón bputóg le raon leathan siomtóm. Is dócha go bhfuil an riocht seo an-choitianta, gur féidir go mbaineann sí le 50% den phobal am éigin. Mar chóiréail air, is gá an cothú a mhionathrú chun bac a chur le fás orgánach paitigineach agus an phutóg a athchoilíniú le baictéir fhabhracha, a fhaightear ó bhianna próibhitheacha, cosúil le Lactobacillus acidophilus.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |