Mí-ionsú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teip na stéige cothaithigh a ionsú ón mbia ionghafa. Mar thoradh tarlaíonn buinneach, pian sa bholg, at an bhoilg, cailliúint meáchain, ainéime, agus siomptóim ar leith easpa vitimíní ar leith. Is iad seo na príomhchúiseanna a fhéadfaidh a bheith taobh thiar de: an galar trópaiceach spriú a bheith ionfhabhtaithe, prolaiféarú mínormálta baictéar sa stéig bheag mar thoradh ar lúba caocha (dúchasach nó faighte) sa stéig, galar Crohn ar athlasadh ainsealach ginearálta i gconair an díleá é a chuireann isteach ar dhaoine óga, galar paincréasach, agus an ceann is coitianta sa tír seo, galar céiliach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mí-ionsú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 456.