Dick Gaughan
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 17 Bealtaine 1948 77 bliana d'aois Glaschú, Scotland |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí, giotáraí, cumadóir amhrán |
| Seánra | Amhrán agóide |
| Teangacha | Béarla |
| Uirlis | Giotár agus ceol gutha |
| Suíomh gréasáin | dickgaughan.co.uk |
Ceoltóir, amhránaí agus scríbhneoir amhrán Albanach é Richard Peter Gaughan. Rugadh é ar 17 Bealtaine 1948.
A mhacacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Dick in Ospidéal Máithreachais Rottenrow i nGlaschú in Albain nuair a bhí a athair ag obair sa chathair sin mar thiománaí innill. Chaith sé a chéad bhliain go leith sa Rua-Ghleann i Sír Lannraig Theas, go dtí gur bhog an teaghlach go dtí Lite, caladh ar imeall Dhún Éideann.
Bhí Gaeilge na hAlban ag a mháthair ón gcliabhán. Bhain sí le muintir Dhòmhnaill i Loch Abar agus bhuaigh bonn airgid sa Mhòd sna 1930í. Rugadh a athair i Lite, agus ba Ghaeilgeoir is veidhlíneoir as Chontae Mhaigh Eo é a sheanathair ó thaobh a athar. Triúr clainne a bhí ann agus Dick ar an duine is sine acu, agus thug siad ceol na hAlban is na hÉireann leo. Bhí taithí acu ar an bhochtaineacht, agus d'fhág seo a rian ar shlí beatha Gaughan agus ar a chuid tuairimí polaitiúla.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-05-01. Dáta rochtana: 2009-07-26.
| Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |