Jump to content

Diarmuid Mac an Adhastair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmuid Mac an Adhastair
Beathaisnéis
Breith1944
Bás10 Iúil 2015
70/71 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Cuir in eagar ar Wikidata

Ba aisteoir Éireannach é Diarmuid Mac an Adhastair a rugadh sa bhliain 1944 agus a fuair bás ar 10 Iúil 2015.[1] Bhain sé cáil amach dá ról, i measc a chuid gaiscí eile, sa sobalchlár Ros na Rún, agus ról Séamus Ó Catháin aige, nó Séamus Mhicil Tom.[2][3][4]

"Costcutter" inniu i mBéal an Daingin

I mBéal an Daingin i gConamara a saolaíodh Diarmuid Mac an Adhastair ar an 9 Nollaig, 1943. Ba lena mháthair, Neilí Nic Dhonnchadha, an teach ósta ar a dtugtaí Tigh Réamoinn ansiúd – ceann de dhá theach ósta a bhí i gCeantar na nOileán ag an am. Phós sise Deáirbí Mac an Adhastair a tháinig ag obair go Conamara as Ros Cam.[1]

Ba i dteach tábhairne a mhuintire, ‘Tigh Darby’ a shaothraigh sé slí bheatha nó gur díoladh é i dtús na 1990idí. D'oscail sé an chéad phictiúrlann i gConamara Theas sa bhliain 1956, agus d'athraigh sé ina halla damhsa é i 1962, an chéad halla damhsa i nGaeltacht Chonmara. Ba ghearr go raibh na seó-bhannaí ba cháiliúla in Éirinn ag seinm ann.[5]

Sa bhliain 1969, ba é Diarmuid an leathchúpla a bhí ag an aisteoir John Mills sa mhórscannán Hollywood Ryan's Daughter.

Is leis an drámaíocht amaitéarach is mó a bhíodh Mac an Adhastair ag plé roimh theacht Ros na Rún agus is iomaí léiriú a raibh páirt aige ann. Bhí tionchar mór ag an scríbhneoir Johnny Chóil Mhaidhc air.

Is mar an carachtar iontach Séamas Mhicil Tom ar shobaldhráma TG4 Ros na Rún is mó a raibh aithne ag an bpobal ar Mhac an Adhastair. Bhí sé ar Ros na Rún ón uair a thosaigh an sobaldhráma mar chlár píolótach ar RTÉ i 1992. Bhí bua nádúrtha aige don ghreann; lena chuid freagraí tráthúla, a chuid geaitsí agus an seanchaipín píce dhá shocrú aige.[6]

Ba mhór an gean a bhí ag an lucht féachana ar Shéamas Mhicil Tom, sean-bhaitsiléir a raibh idir uaisleacht agus rógaireacht ag baint leis. Bhí dúil sa bhraon aige, a raibh a theanga ar a chomhairle féin aige, gur beag foighne a bhí aige le hamadáin ná le séitéireacht, ach fós a bhí lán le daonnacht. Leaganacha de chaint ghlan na Gaeltachta a thagadh amach as a bhéal, maisithe ag correascaine agus ag corrmhallacht. Bhí “Ó, a bhitch …” ar cheann de na ráitis ba mhinice a chloistí uaidh. Bhí bealach aige leis an nath sin a chur in oiriúint do cibé ócáid a bhí ann, bíodh sin brónach nó sona, bagrach nó fáilteach, uaigneach nó ceiliúrtha.[1]

D’oibrigh an t-aisteoir chomh maith ar ghearrscannáin ar nós An Leabhar, Dillusc agus Cosa Nite. Bhí sé páirteach sa scannán lánfhada Cré na cille a rinneadh in 2006 mar cheiliúradh 100 bliain ar bhreith an údair, Máirtín Ó Cadhain. I measc na ndrámaí ar ghlac sé páirt iontu bhí Ní Maith Liom do Thrioblóid, a scríobh a dhlúthchara Joe Steve Ó Neachtain.

Bhí dúil mhór aige san iascaireacht, sa traidisiún bádóireachta agus sa tsnoíodóireacht adhmaid.[6]

Phós Diarmuid Máirín Ní Eidhin, a d’fhreastail ar Scoil an Tuairín ag an am céanna leis féin, agus bhí triúr clainne orthu, Gráinne, Diarmad agus Caomhán.

Bhronn Oireachtas na Gaeilge ‘Buaicghradam Cumarsáide’ air i 2005 as feabhas a chuid saothair ar Ros na Rún.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]