Diamaighnéadas
Cuma
Is éard is diamaighnéadas[1] ann ná iarmhairt mhaighnéadach is féidir a thomhas in an-chuid ábhar (uisce is copar, mar shampla) ina n-ailínítear na móimintí maighnéadacha, a ionduchtaítear le réimse maighnéadach a chuirtear i bhfeidhm ar an ábhar sa treo díreach os comhair treo an réimse sin.
Éartar an t-ábhar ag foinse an réimse mhaighnéadaigh. Má bhíonn an réimse sin dian a dhóthain, is féidir réada a chur ar snámh san aer os cionn maighnéid (eadarbhuasú diamaighnéadach). Is sainiúil go mbíonn soghabhálacht mhaighnéadach dhiúltach ag ábhair dhiamaighnéadacha.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““diamaighnéadas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-07.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Diamaighnéadas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 209.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |