Jump to content

Dermot Somers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDermot Somers
Beathaisnéis
Breith1947
78/79 bliana d'aois
Contae Ros Comáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, údar, sléibhteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Spórtsléibhteoireacht Cuir in eagar ar Wikidata

Dreapadóir, taiscéalaí, scríbhneoir agus craoltóir é Dermot Somers (a rugadh sa bhliain 1947, i dTromán, Contae Ros Comáin). D'fhreastail sé ar an scoil lán-Gaeilge Coláiste Mhuire i mBaile Átha Cliath, agus ar Choláiste Ollscoile BÁC marar bhain sé céim BA agus HDipEd amach. Bhí sé ina mhúinteoir scoile ar feadh tréimhse, sular dhírigh sé go lán-aimsirthe ar an scríbhneoireacht, craoltóireacht agus taisteal. Tá cónaí air i nDroichead Átha faoi láthair.

Dreapadóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Somers ag dreapadóireacht sa bhliain 1974 nuair a bhí 27 mbliana d'aois aige, agus chruthaigh sé ina dhreapadóir cheannródaíoch in Éirinn le linn na seachtóidí. Chuir sé bonn le cúrsaí nua in áiteanna éagsúla, ina measc an Aill Fhada sa Bhoireann, An Gobán Saor agus Fáth mo Bhuartha ar an mBinn Mhór i gCo Aontroma, Ceann Mhuc Rois siar ó na Cealla Beaga i gCo Dhún na nGall, agus an Tuar Mór i gCo Shligigh.

I 1983 ba é an chéad Éireannach ar éirigh leis na sé Aghaidheanna Móra ó Thuaidh i Sléibhte na nAilp a dhreapadh.

Ghlac sé páirt i dturasanna dreapadóireachta go dtí beanna éagsúla i sléibhte Himalaya: Changtse i 1987; Manaslu i 1991; agus Everest i 1993. Dhreap sé sé sna hAindéis agus i réimsí sléibhte eile ar fud an domhain fosta.

Tá trí leabhar gearrscéalta foilsithe aige: Mountains and other ghosts (Diadem Books, 1990), At the rising of the moon (Baton Wicks, 1994), agus an ceann is déanaí, Collected short stories (Baton Wicks, 2004). Bhuaigh At the rising of the moon (Baton Wicks, 1994) Duais Boardman Tasker don litríocht sléibhe. Foilsíodh Endurance (O’Brien Press, 2005) mar leabhar staire agus miotaseolaíochta a thug cuntais ar thurais cháiliúla in Éirinn. Bronnadh Duais Oireachtais ar a shaothar neamhfhicsin, Rince ar na ballaí (Cois Life, 2002). Bhain a úrscéal Buaic (Cois Life, 2006) gradam de chuid an Reading Association of Ireland. Ghnóthaigh Ar muir is ar sliabh (Cois Life) duais Oireachtais chomh maith.

Dermot Somers – Rince ar na Ballaí (Cois Life, 2002)[1]

Dermot Somers – Buaic (Cois Life, 2006) ISBN: 978-1-901176-66-7[2]

Dermot Somers – Ar muir is ar sliabh (Cois Life) . ISBN: 9781901176971[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Dermot Somers - Rince ar na Ballaí (2002) | Cló Iar-Chonnacht" (en-US) (2010-05-30). Dáta rochtana: 2025-01-04.
  2. "Buaic | Cló Iar-Chonnacht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-04.
  3. "Ar muir is ar sliabh | Cló Iar-Chonnacht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-04.