Derek "Pluto" Moireach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDerek "Pluto" Moireach

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithNis Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSabhal Mòr Ostaig (1990–1991) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpearsa raidió, láithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirBBC Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla

Is láithreoir raidió agus teilifíse é Derek 'Pluto' Moireach (Béarla: Derek Murray), a oibríonn go príomha i gcláracha Gaelacha.

Tá sé mar phríomh-láithreoir sacar Radio nan Gàidheal ó 2007. Chlúdaigh sé feachtas Chorn an Domhain, na babhtaí réamhchomórtais do EUFA, agus cluichí san Eoraip. Is tráchtaire spóirt é freisin don stáisiún teilifíse Gaeilge na h-Alban BBC Alba, agus ó am go chéile i mBéarla do Sportsound ar BBC Radio Scotland . Bhí sé ina thráchtaire spóirt ar an chlár nuachta An Là, agus ar An Caman, sraith ar bhuaicphointí camanachda a craoladh i 2007. Ainmníodh é mar ‘Láithreoir Raidió na Bliana’ ag Féile na Meán Ceilteach i 2008.[1]

Sna 1990idí, bhí Derek le feiceáil sa tsobaldráma Gaelach Machair, ina ghlac sé páirt Iain MacÌomhair. I 1993-1994 bhí sé mar chuid den phríomh-chliar sa tsraith theilifíse grinn Ran Dan, agus arís i 2003-2004 sa tsraith Back on the Ran Dan . I 2011 chuir sé féin agus Emma NicAonais an tsraith BBC Alba Siuthad! Siubhal!, inar thaistil siad ar fud na hAlban ag baint triail as gníomhaíochtaí turasóireachta neamhghnácha.[2]

Is as Nis ar Leòdhas é Derek. Bhí sé ina mhac léinn ag Sabhal Mòr Ostaig ó 1990 go 1991, agus ina dhiaidh sin ina phóilín le Póilíní Shrath Chluaidh . Tugann sé tacaíocht do Camanachd Leòdhais.

Cuireann sé a chlár ceoil féin, Siubhal gu Seachd le Pluto, i láthair gach tráthnóna Luan go Déardaoin ó 5.30in go 7in ar Radio na Gàidheal.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]