Deepwater Horizon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Deepwater Horizon (2010))
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDeepwater Horizon
Íomhá
Map
 28°45′19″N 88°23′16″W / 28.7554°N 88.3877°W / 28.7554; -88.3877
Lipéad sa teanga dhúchais(ru) Deepwater Horizon Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsemi-submersible platform (en) Aistrigh
long bhriste Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
OibreoirTransocean Cuir in eagar ar Wikidata
Luas4 kn Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Nollaig 1998 D'ordaigh
21 Márta 2000 Leag an cíle
23 Márta 2001 Seoladh loinge
20 Aibreán 2010 Deepwater Horizon explosion (en) Aistrigh
22 Aibreán 2010 Longbhriseadh Cuir in eagar ar Wikidata


Rige ola de shaghas RBS-8

Ardán druileála ola i Murascail Mheicsiceo ba ea an Deepwater Horizon, rige ola de chuid British Petroleum (BP). Bhí an tobar 40 míle i bhfarraige ó chósta Louisiana agus an tobar is doimhne dár ndearnadh riamh ar domhan.

Phléasc an rige ola ar an 20 Aibreán 2010. Bhí na mílte tonna den amhola ag teacht i dtír ag an am. Meastar go raibh an doirteadh ola seo ar an tubaiste timpeallachta is measa riamh i stair na Stát Aontaithe.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Físeán

Tá an tobar a dhruileáil an Deepwater Horizon ar an tobar is doimhne dár ndearnadh riamh (‘Druileáil Domhainmhara’ nó Deepwater drilling). Bhí béal an tobair ar ghrinneall míle faoi dhromchla na farraige. Ansin bhí an tobar féin 35,000 troigh (10,000 méadar) ar doimhne..[1]

Braitheann an cineál seo druileála ar an teicneolaíocht is nua-aimseartha dá bhfuil ann. Bíonn an obair a bhaineann leis fíorchasta agus bíonn contúirt mhór ag baint leis.

Bhí costas de chéad milliún dollar ag baint le Deepwater Horizon. Nuair a thosaíonn an obair dhruileála, cosnaíonn gach bomaite suim mhór airgid. Bhí brú an-mhór, dá chionn sin, ar bhainisteoirí cur in aghaidh aon innealtóir a chuirfeadh locht nó dearmad in iúl. Mar sin, ní iontas ar bith é gur ag an tobar is nua agus is doimhne sa bhliain 2010 a tharla an tubaiste timpeallachta is measa.[1]

Buaileadh an cósta, Florida go dtí Louisiana
agóid in aghaidh Deepwater i New Orleans sa bhliain 2009, is cosúil, roimh an tubaiste

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne BP roinnt iarrachtaí an tobar a stopadh ach theip orthu, arís is arís.

Dúirt BP ag an am go raibh an tobar ag scairdeadh 5,000 bairille ola in aghaidh an lae amach san fharraige. Ach faoi cheann roinnt seachtainí, bhí orthu an uimhir sin a mhéadú go 60,000 bairille (níos mó ná dhá mhilliúin galún).[1]

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an tubaiste ina conspóid pholaitíochta faoin am seo chomh maith le bheith ina tubaiste tráchtála agus timpeallachta. Bhí na Poblachtánaigh ag cur an mhilleáin ar an Uachtarán Obama agus bhí Obama ag cur an mhilleáin ar BP.[1] Thug Obama “tubaiste ollmhór timpeallachta gan fasach” ar an doirteadh i Murascaill Mheicsiceo.

Ag breathnú siar dúinn anois, is cinnte gur féidir an milleán a chur ar BP, ar an Minerals Management Service (Gníomhaireacht Stáit), agus ar roinnt conraitheoirí móra ar nós Transocean (a thóg an rige).

agóid sa hliain 2010

Mar sin féin, tá an druileáil domhainmhara chomh casta agus tá na costais chomh mór is go bhfuil contúirt mhór ag baint léi.[2]

Léiríonn cás an Deepwater Horizon nach amháin go bhfuil costais mhóra timpeallachta ag baint le hiompar na hola (Exxon Valdez (1995)) agus le dó na hola (Athrú aeráide) ach go bhfuil costais mhóra timpeallachta ag baint lena hastarraingt freisin.[1]

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an sitúrthóir/scríbhneoirPeter Berg an scannán, Deepwater Horizon, saothar a bhí dírithe ar eachtraí a tharla agus ina raibh Wahlberg mar Thadhg an mhargaidh.[3]

glantachán trá

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Ciarán Mac Aonghusa (2010). "Deireadh le Ré na hOla?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-06.
  2. "Ainmhí Contúirteach ag Salú na Cruinne, An Duine" (ga). Beo! (2011). Dáta rochtana: 2021-07-06.
  3. Breandán M Mac Gearailt (2017). "LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní achrann go dtí pléascadh Patriots Day" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-06.