Jump to content

Declan Kearney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDeclan Kearney

(2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Nollaig 1964
60 bliana d'aois
Tuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Comhalta den Tionól Reachtach
5 Bealtaine 2022 –

Aire Sóisearach
11 Eanáir 2020 –
Ball de chomh-aireacht: 6th Executive of Northern Ireland (en) Aistrigh
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 –


Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtÉireannach
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla


X: DeclanKearneySF Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir poblachtach Éireannach i dTuaisceart Éireann é Declan Kearney (rugadh 19 Nollaig 1964) atá ina Chathaoirleach Náisiúnta reatha ar Shinn Féin. Bhí Kearney ina Aire Sóisearach i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann ó 2020 go 2022, agus ina Chomhalta den Tionól Reachtach d' Aontroim Theas ó 2016.[1]e nuair a toghadh é.

As Aontroim ó dhúchas dó, is mac le Oliver agus Brigid (née Totten) Kearney é. Chónaigh sé i nDoire tráth a thoghtha.[2]

Sular toghadh é mar CTR, bhí Kearney ina Chathaoirleach Náisiúnta ar Shinn Féin, agus ina cháil sin ghabh sé leithscéal as na saolta ar fad a cailleadh le linn na dTrioblóidí. [3] Is mac céile é a dheartháir, Ciarán Kearney, fear céile Jane (née Donaldson), leis an óglach de chuid na Sealadach nach maireann agus leis an bpolaiteoir de chuid Shinn Féin Denis Donaldson, a feallmharaíodh in aice leis na Gleannta i gContae Dhún na nGall tar éis dó a bheith nochta mar ghníomhaire Briotanach.[4]

Toghadh Kearney mar dhuine de sheisear Chomhalta den Tionól Reachtach d'Aontroim Theas i dtoghchán an Tionóil 2016 [5] , agus a shuíochán á choinneáil aige i dtoghcháin 2017 agus 2022.[6]

Ceapadh é ina Aire Sóisearach i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann ina dhiaidh sin, tar éis athbhunú an Tionóil i mí Eanáir 2020 [7]; agus d'fhan sé sa phost seo go dtí mí na Bealtaine 2022.[8]

Is comhalta de Thionól Reachtach Thuaisceart Éireann é Declan Kearney (a rugadh ar 19 Nollaig 1964).[9][10] Seasann sé in Aontroim Theas.

Bhíodh Kearney ag teagasc Gaeilge in áiteanna éagsúla i ndeisceart chontae Aontroma agus thóg sé a chlann féin go dátheangach. Cloistear Kearney ar na meáin Ghaeilge ó am go chéile.[11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Declan Kearney MLA". “Currently he is the Sinn Féin National Chairperson and has been central to the Party’s all-Ireland development, and its negotiations and reconciliation strategies.”
  2. "Four SF city SPADS include bomber". Londonderry Sentinel.
  3. "Sinn Féin chairman Declan Kearney 'sorry' for all Troubles victims".
  4. "Anatomy of murder".
  5. "DUP candidates take three seats in South Antrim". The Irish News. “Elected: Paul Girvan (DUP), Pam Cameron (DUP), Declan Kearney (SF), David Ford (Alliance), Steve Aiken (UUP) and Trevor Clarke (DUP).”
  6. "ELECTION 2022: South Antrim – Sinn Fein’s all-Ireland chairman Declan Kearney trounces all to seize seat". The Newsletter.
  7. "John O'Dowd misses out on executive seat". The Irish News. “SINN Féin national chairman Declan Kearney has been appointed as a Stormont junior minister alongside the DUP's assembly chief whip Gordon Lyons.”
  8. "MLA Details: Mr Declan Kearney" (en-GB).
  9. Declan Kearney (Meitheamh 2022). "Twitter" (en). Twitter. Dáta rochtana: 2022-06-01.
  10. Declan Kearney (Meitheamh 2022). "Facebook". Dáta rochtana: 1/6/2022.
  11. Meadhbh Ní Eadhra (Bealtaine 2022). "Cé hiad na cainteoirí líofa Gaeilge a toghadh chuig Stormont?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-31.