Dearadh grafach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dearadh grafach

Teicníochtaí is scileanna a úsáidtear i ndearadh ábhair phriontáilte. Is iad na príomhscileanna a thagann san áireamh ná clóghrafaíocht, grianghrafadóireacht, maisiúchán is déanamh priontaí. D'fhoghlaimítí is chleachtaítí na scileanna seo ina n-aonar le fada, ach le teacht chun cinn na seachliteagrafaíochta tá siad uile tagtha le chéile go rathúil, leis na forbairtí déanacha sa ghrianghrafadóireacht leictreonach ach go háirithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dearadh grafach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 202.