Clóghrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clóghrafaíocht

Dearadh foirmeacha na litreacha le húsáid mar chló-aghaidheanna, agus roghnú na gcló-aghaidheanna i gcomhair cáipéisí clóchurtha. Bíonn an-chuid feidhmeanna i gceist (leabhair, nuachtáin, stáiseanóireacht, fógraí, billí láimhe is eile), an-chuid innealra clóchuir, agus cuid mhaith meán (clóbhualadh, scannáin, teilifís, ríomhairí). Ainmnítear cuid de na cló-aghaidheanna as a gceapadóirí, cosúil le Baskerville is Franklin. Dhear Stanley Morison an chló-aghaidh choitianta Times New Roman i 1932 i gcomhair athdhearadh nuachtán an Times. Is clóghrafadóir cáiliúil é Hermann Zapf a dhear na cló-aghaidheanna Palatino, Optima is eile. Dearadh Helvetica, cló-aghaidh choitianta gan trasnáin, do chomhlacht Haas san Eilvéis. Nuair a bhíonn cló-aghaidh á roghnú le húsáid bíonn a galántacht, a hoiriúnacht is a soléiteacht san úsáid sin le measúnú. Roinntear cló-aghaidheanna ina dhá roinn: iad sin le trasnáin (stríoca gearra trasna ag barr is bun na litreacha), agus iad sin gan trasnáin. Taobh istigh de na ranna seo bíonn difríochtaí maidir le hairde, stíl an trasnáin, meáchan (nó duibhe), agus uillinneacha na gcuar. Cuireann gach ceann acu seo isteach ar chuma na litreach, cuma an leathanaigh, agus fad na cáipéise clóbhuailte.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Clóghrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 146.