David Pilkey
(2019) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) David Murray Pilkey Jr. 4 Márta 1966 59 bliana d'aois Cleveland (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stáit Kent |
| Áit chónaithe | Oileán Bainbridge |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Litríocht do pháistí |
| Gairm | scríbhneoir, maisitheoir, scríbhneoir litríocht pháistí, úrscéalaí, cartúnaí |
| Ainm cleite | Jano Sue Denim |
| Teangacha | An tSínis agus Béarla |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Páirtí | Cynthia Rylant |
| Suíomh gréasáin | pilkey.com |
Údar agus maisitheoir Meiriceánach é David Murray "Dav" Pilkey Jr. Tá breis agus seachtó leabhar do pháistí foilsithe aige, ina measc na húrscéalta grafacha mór-ráchairte Dog Man agus Cat Kid Comic Club.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhí sé óg, bhain NHEA agus disléicse do. Bhíodh sé ag cur isteach an oiread sin ar an rang go gcuireadh na múinteoirí amach sa halla é gach lá. Bhí an t-ádh air gur thaitin sé leis pictiúir a tharraingt agus scéalta a chumadh. Chaith sé a chuid ama sa halla ag cruthú a chuid greannán féin - céadeachtraí Dog Man agus an Chaptaein Fobhrístí. Agus é ar an ollscoil, casadh múinteoir air a mhol dó dul ag scríobh agus ag maisiú leabhair do pháistí. Ghlac Dav Leis an gcomhairle sin agus chruthaigh sé a chéad Leabhar, WORLD WAR WON, a bhuaigh comórtas náisiúnta Meiriceánach sa bhliain 1986. Is iomaí Leabhar eile a chruthaigh Pilkey sular bronnadh California Young Reader Medal ar DOG BREATH (1994) agus an Caldecott Honor ar THE PAPERBOY (1996).
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2002, d'fhoilsigh Dav an chéad úrscéal grafach lánfhada dá chuid do pháistí, dar theideal THE ADVENTURES OF SUPER DIAPER BABY. Luadh é in USA Today agus sa New York Times mar leabhar mórdhíola.
Bíonn Dav ag tarraingt ar a thaithí shaoil féin agus é ag scríobh, agus is minic é ag plé le téamaí uilíocha. Bíonn an cairdeas agus an chomhbhá á gceiliúradh ina shaothar, agus bíonn an lámh in uachtar i gcónaí ag an té a bhfuil dea-chroí aige.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair nach mbíonn sé ag cruthú leabhair do pháistí, is breá leis a bheith ag cadhcáil lena bhean in Iar-Thuaisceart Mheiriceá
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tá tuilleadh eolais faoi ar Pilkey.com