Jump to content

Danny Kennedy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDanny Kennedy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Iúil 1959
66 bliana d'aois
An Sruthán, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Aire Forbartha Réigiúnaí
16 Bealtaine 2011 – 1 Meán Fómhair 2015
 Conor MurphyMichelle McIlveen 
Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann
6 Bealtaine 2011 – 24 Márta 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)


Aire Fostaíochta agus Foghlama
27 Deireadh Fómhair 2010 – 5 Bealtaine 2011
 Reg EmpeyStephen Farry 
Ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann
9 Márta 2007 – 24 Márta 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
26 Samhain 2003 – 30 Eanáir 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
25 Meitheamh 1998 – 28 Aibreán 2003 (díscaoileadh na parlaiminte)


Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla


X: DKennedy_UUP Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Aontachtach é Danny Kennedy. Rugadh ar 6 Iúil 1959 sa Sruthán é. Is ball é de Pháirtí Aontachtach Uladh agus bhí sé ina chathaoirleach an pháirtí ó 2019 go 2021. Ba Chomhalta den Tionól Reachtach é d'Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha, ó 1998 go 2017.[1].

Bhí sé sa Fheidhmeannas fosta mar an Aire do Forbairt Réigiúnach ó 2011 go 2015. Ba é an Leas-Cheann Comhairle sa Tionól é ó 2016 go 2017.

Gairm pholaitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sé sa Pháirtí Aontachtach Uladh i 1974. Toghadh ar Chomhairle an Iúir agus Mhúrn é i 1985 do ceantar na bhFeá. Ba chomhairleoir é go dtí 2011.

Sa bhliain 1996, sheas sé sa Toghchán Fhóram Thuaisceart Éireann d'Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha ach bhí sé gan rath. Sa bhliain 1997, sheas sé san Olltoghchán. Fuair sé 18,000 vóta agus tháinig sé i ndara háit. Toghadh ar an Tionól i 1998. Rinne sé cathaoirleacht ar an choiste d'Oideachais ó 1998 go 2002 agus sa bhliain 2007 rinneadh ina chathaoirleach ar an choiste d'Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire é. Atoghadh ar an Tionól é sna blianta 2003, 2007, 2011 agus 2016

Sheas sé san Olltoghchán d'Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha sna blianta 2005, 2010 agus 2015. Tháinig sé i gceathrú, tríú agus dara háit agus fuair sé 13.9%, 19.1% agus 32.7% den vóta faoi seach.

Chaill Kennedy a shuíochán ar an Tionól sa Toghchán 2017.

Sa bhliain 2019, sheas Kennedy sa Toghchán Pharlaimint na hEorpa do thoghcheantar Thuaisceart Éireann. Fuair sé 53,052 vótaí céadrogha agus tháinig sé sa séú háit mar sin níor toghadh é.

Ar 23 Nollaig 2019, ceapadh ina chathaoirleach den PAU é. Thóg sé áit Reg Empey sa phost. D'éirigh sé as an phost i 2022 agus thóg Jill Macauley a áit.

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé pósta le Karen agus tá triúr páistí acu, Steven, Philip agus Hannah.

Rinne sé staidéar ar Ardscoil an Iúir agus d'oibrínn sé le British Telecom ar feadh scór bliain sular toghadh é.

Is ball den Ord Buí é.

  1. "The Northern Ireland Assembly" (en-GB). www.niassembly.gov.uk. Dáta rochtana: 2026-02-04.