Daniel Juslenius
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 10 Meitheamh 1676 Mietoinen |
| Bás | 17 Iúil 1752 76 bliana d'aois paróiste Skånings-Åsaka, An tSualainn |
| Member of the Riksdag of the Estates (en) | |
| 1731 – 1731 | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Liútarachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamh Ríoga Turku |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | foclóirí, polaiteoir, scríbhneoir, múinteoir ollscoile, teangeolaí, tréadaí Liútarach |
| Fostóir | Acadamh Ríoga Turku |
| Teangacha | An Fhionlainnis |
| Teaghlach | |
| Céile | Catharina Schultz |
| Páiste | Samuel Juslenius, Erik Juslenius, Daniel Juslenius |
Scríbhneoir Fionlannach ab ea Daniel Juslenius (10 Meitheamh 1676 – 17 Iúil 1752). Ba é Juslenius a bhreac síos an chéad fhoclóir Fionlainnise, Suomalaisen sana-lugun coetus. Tháinig an foclóir amach sa bhliain 1745. San am sin, ní raibh ach litríocht reiligiúnda á saothrú as Fionlainnis.

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Juslenius an-díograiseach faoin teanga, ach is dócha go ndeachaigh sé thar fóir ó am go ham. Mar shampla, sa bhliain 1700, scríobh sé Aboa vetus et nova, tráchtas Laidine faoi chultúr na Fionlainne, agus is é an rud a d'áitigh sé sa saothar seo ná gurbh as an bhFionlainn do na Gréagaigh agus do na Rómhánaigh ar dtús!
Ba é Juslenius a scríobh Vindiciae Fennorum ("Suomalaisten puolustus") freisin, sa bhliain 1703.