Damhán uisce cloigíneach
Jump to navigation
Jump to search
Damhán uisce cloigíneach | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||||||||
| |||||||||||||
| |||||||||||||
|
Is é an damhán uisce cloigíneach an t-aon damhán alla a mhaireann faoin uisce an t-am ar fad. Tógann sé dídean chlogchruthach a líonann le haer a iompraíonn sé síos lena ghéaga cúil. Análaíonn sé trí screamh aeir ar dhromchla a cholainne. Itheann sé crústaigh den chuid is mó. Tá a ghreim nimhiúil, agus cuireann tús le hurlacan is fiabhras. Is ball d'ord na n-Araneae é.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |