Dallán mac Móire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDallán mac Móire
Beathaisnéis
Breith9 haois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus An tSean-Ghaeilge

Príomhfhile de chuid an 9ú haois ba ea Dallán mac Móire. Airsean atá ceann de na dánta molta is iomráití i luathlitríocht na Gaeilge leagtha agus é ag moladh chlaíomh Chearbhaill, rí Laighean (c. 885-909). Baineann an file leas as éachtaí an chlaímh chun buanna an rí agus a shinsear a léiriú:

Mochen, a chlaidib Cherbaill,
bát menic i mornglaim,
bát menic ac cur chatha,
ac dichennad ardfhlatha.
Raspat menic ac dul chrech
il-lámaib rig no robreth,
bát menic ac raind tána
ac degrig do dingbála...

Go luath i ndiaidh bhás an rí a cumadh an dán.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Williams, Caerwyn J.E. & Ní Mhuiríosa, Máirín. Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar 1978, lgh 48-49.