Dúnmharú Samuel Paty (múinteoir Francach, 2020)
| ||||
Cineál | ionsaí sceimhlitheoireachta ionsaí sáite dúnbhású | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht Ioslamach sa Eoraip | |||
Dáta na bliana | 16 Deireadh Fómhair 2020 | |||
Suíomh | Conflans-Sainte-Honorine, An Fhrainc | |||
Tír | an Fhrainc | |||
Sprioc | Samuel Paty | |||
Íospartach | Samuel Paty terrorism victim (en) , íospartach dúnmharaithe, stabbing victim (en) | |||
Líon básanna | 1 | |||
Líon gortaithe | 0 | |||
Déantóir na coire | Abdullakh Anzorov (en) (jiohádach, dúnmharfóir) | |||
Arm | 1 cleaver (en) | |||
Haischlib | #Je-Suis-Prof agus #Je-Suis-Enseignant |
Dúnmharaíodh Samuel Paty, múinteoir sa Fhrainc, ar an 16 Deireadh Fómhair 2020. Dúnmharaíodh an múinteoir staire agus tíreolaíochta in ionsaí sceimhlitheoireachta, toisc gur bhain sé úsáid as a shaoirse cainte sa seomra ranga.[1]
Cáineadh go forleathan an t-ionsaí, de bhrí gur bunchloch dár náisiúin agus dár sibhialtacht í an tsaoirse cainte sa seomra ranga.
Dúnmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'ionsaigh déagóir (18), Abdoullakh Anzorov, Paty. Tháinig muintir Anzorov as an Rúis, de shliocht Seisniach. Aithníodh mar dhídeanaithe iad. Lonnaigh siad sa Fhrainc sa bhliain 2004.
Cúpla lá roimh an eachtra, d'fhógair Paty go mbeadh sé ag labhairt faoi Charlie Hebdo, agus na heachtraí sceimhlitheoireachta Ioslamacha sa Fhrainc sa bhliain 2016, le linn an rang OSSP.[2] Bhí cead ag na Moslamaigh sa rang fanacht amach dá mba mhian leo.
Thosaigh cúpla tuismitheoir feachtas a bhí á spreagadh ag an bhfuath ar na meáin shóisialta.
Chuala Anzorov, ógchiontóir ag an am, faoi bhfeachtas fuatha. Bhí sé ina chónaí 80km (Evreux) ó scoil Paty (Conflans Sainte Honorine). Ach chabhraigh a chairde leis chun scian agus aerphiostal a cheannach, agus thiomáin siad Anzorov chuig an scoil.
D'ionsaigh Anzorov Paty ar an tsráid, nuair a tháinig sé amach ón scoil tráthnóna Aoine. Bhain Anzorov an cloigeann de, ag béiceadh amach "Allahu Akbar" (an Takbir).. Ansin chuir sé grianghraif suas at Twitter. Tháinig na póilíní agus thosaigh troid; lámhachadh go marfach Anzorov.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN maidir le comhar AE le heagraíochtaí a bhaineann leis an mbunúsaíochas Ioslamach" (ga). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-10-16.
- ↑ Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil