Dòmhnall Mac an Tòisich
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1743 |
Bás | 1808 64/65 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Seacaibíteachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aistritheoir, sagart |
Scoláire Gaeilge as Albain ba ea Dòmhnall Mac an Tòisich (Donald Macintosh) (1743–1808) agus é ina mhinistir nár mhionnaigh de chuid Eaglais Easpagóideach na hAlban. D’fhoilsigh sé cnuasach mór de sheanfhocail Ghaeilge na hAlban, an chéad saothar dá leithéid a foilsíodh riamh.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh é in Urchoille Mhòr, láimh le Choille Chreichnich i Siorrachd Pheairt i lár na hAlban. Bhí a athair ina fhonsóir agus ina chrochtóir. Chuaigh sé ar scoil pharóiste agus chaith seal ina múinteoir, agus ansin bhain sé Dún Éideann amach, áit a bhfuair sé post mar fhear an phoist. Ina dhiaidh sin fuair sé post mar chléireach cóipeála, agus níos déanaí bhí sé ina oide i dteach Stíobhartach Gairntully. Le tamall de bhlianta tar éis 1785 bhí sé ar fostú in oifig an Uasail Davidson, leaschoimeádaí an tSéala agus gníomhaire Corónach.[1]
Ar 30 Samhain 1786 toghadh Mac an Tòisich ina chléireach oinigh ar son na Gaeilge sa Society of Antiquaries of Scotland, post a bhí aige go dtí 1789. Sa bhliain sin rinne James Brown, fear ionaid na cléire nár mhionnaigh in Albain, Mac an Tòisich a ainmniú mar chomharba dó féin; d’oirnigh Brown ina dhéagánach é in 1789 agus ina mhinistir ina dhiaidh sin.[1] Chuaigh Mac an Tòisich ó áit go háit nó gur chuir sé faoi i nDún Éideann, ach thugadh sé cuairt Ardchríocha Pheairt gach bliain chomh fada ó thuaidh le Banbh i Siorrachd Obar Dheathain, ag freastal ar an mbeagán a ghéilleadh dá údarás.[1]
In 1801 cheap an Highland Society of Scotland mar aistritheoir Gaeilge agus mar choimeádaí taifead Gaeilge é. Fuair sé bás i nDún Éideann ar 22 Samhain 1808 agus é gan phósadh, agus cuireadh é i reilig na mBráithre Mionúra i nDún Éideann.[1]
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhág Mac an Tòisich a leabharlann de thimpeall dhá mhíle leabhar agus lámhscríbhinní ag baile mór Dhùn Chailleann. Coinníodh na leabhair le chéile mar Leabharlann Mhic an Tòisich, agus cuireadh leo; ach b’fhéidir nár fágadh na lámhscríbhinní ann.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Mac an Tòisich a chuir le chéile A Collection of Gaelic Proverbs and Familiar Phrases; . . . with an English Translation . . . illustrated with Notes. To which is added The Way to Wealth, by Dr. Franklin, translated into Gaelic, Dún Éideann, 1785. (Raibeard MacPharlain, máistir scoile i nDún Éideann, a chuir Gaeilge ar The Way to Wealth, rud a rinne sé do Dhàibhidh Arascain, 11ú hIarla Bhuchain; dó siúd a tíolacadh an leabhar.) Chuir Alasdair Caimbeul, údar ó Loch Lùbnaig sna Garbhchríocha, an dara heagrán amach in 1819. Foilsíodh bailiúchán nua in 1881 agus in 1882, é bunaithe ar shaothar Mhic an Tòisich agus curtha in eagar ag Alasdair MacNeacail.[1]