Jump to content

Alasdair MacNeacail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlasdair MacNeacail
Beathaisnéis
Breith1827
Bás1893
65/66 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus Gaeilge na hAlban

Scoláire Gaeilge, dlíodóir agus fear léinn as Albain ba ea Alasdair MacNeacail (Alexander Nicolson) (1827–1893). Ina theannta sin, bhí sé ar na chéad dreapadóirí sléibhe in Albain.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é in Hùsabost san Eilean Sgitheanach ar an 27 Meán Fómhair 1827. Fuair sé a chéad oideachas ó oidí; chuaigh sé ar Ollscoil Dhún Éideann tar éis bhás a athar agus rún aige a bheith ina mhinistir de chuid Shaor-Eaglais na hAlban. Fuair sé BA in 1850 agus MA oinigh in 1859, agus thug sé léachtaí ar loighic agus ar fhealsúnacht mhorálta mar léachtóir ionaid.[1]

D’éirigh MacNeacail as an diagacht agus chuaigh le hiriseoireacht. Glacadh leis mar abhcóide in 1860, agus chaith sé deich mbliana ag déanamh tuairisc ar chúiseanna dlí don Scottish Jurist, in éineacht le bheith ag obair mar scrúdaitheoir fealsúnachta san ollscoil agus mar inniúchóir breitheanna agus eile i nDún Éideann agus sna ceantair máguaird.[1]

In 1865 cheap Coimisiún Oideachais na hAlban MacNeacail ina choimisinéir cúnta, agus thug sé cuairt Inse Ghall, scrúdaigh na scoileanna agus rinne tuairisc i Leabhar Gorm. Dhiúltaigh sé glacadh le hollúnacht Cheilteach Ollscoil Dhún Éideann, cé gur chuidigh sé go mór leis an gcathaoir sin a bhunú. In 1880 fuair sé céim LL.D ón ollscoil.[1]

In 1883 ceapadh MacNeacail ina bhall de Choimisiún Napier, coimisiún a raibh suim acu sa bhail a bhí ar chrochtóirí agus ar choiteoirí sna Garbhchríocha agus in Inse Ghall agus a bunaíodh de thoradh corraíle sna ceantair sin. Faoin am sin bhí MacNeacail ina shirriam ar Chille Chùithbheirt. Rinne an Coimisiún moltaí ní hamháin i gcúrsaí talún ach i gcúrsaí oideachais chomh maith, agus dúirt: "Educational use of Gaelic should not only be permitted but enjoined". D’áitigh siad gur chóir ábhar ar leith a dhéanamh den Ghaeilge sna scoileanna agus go mbeadh sí i dteideal deontas. MacNeacail féin a bhí freagrach as na moltaí sin, ach dhiúltaigh Roinn Oideachais na hAlban agus a foireann cigireachta go dúr dóibh.[2]

In 1885 rinneadh sirriam ionaid Ghrianaige de, ach d’éirigh sé as an bpost in 1889 le pinsean de dheasca drochshláinte. D’fhill sé ar Dhún Éideann agus fuair bás go tobann ar an 13 Eanáir 1893. Cuireadh é i Reilig Warriston.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú buan ar MhacNeacail mar scoláire, go háirithe de bharr a chuid alt sa tréimhseachán The Gael, bailiúchán mór seanfhocal agus leagan athchóirithe de Am Bìoball Gàidhlig a rinneadh don Society in Scotland for Propagating Christian Knowledge. Ba scoláire Gréigise é chomh maith. Ba é a mhórshaothar an bailiúchán seanfhocal úd agus é bunaithe ar bhailiúchán a d’fhoilsigh Dòmhnall Mac an Tòisich:

  • A Collection of Gaelic Proverbs and Familiar Phrases. Based on Macintosh's Collection. Edited by Alexander Nicolson, Edinburgh, 1881; 2nd edit. 1882.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Dictionary of National Biography: "Nicolson, Alexander": volume 41
  2. Cameron, Ewan A. (2000). The Life and Times of Fraser Mackintosh Crofter MP. Aberdeen: University of Aberdeen Press, lgh 119-130