Díthocsainiú digiteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ciallaíonn staonadh digiteachdíthocsainiú digiteach go nglacann duine sos ón teicneolaíocht ar feadh tamaill. Ceapann daoine go bhfuil sé go deas uaireanta briseadh a ghlacadh ó na scáileáin, chun am a chaitheamh ag labhairt le daoine eile nó chun leabhar a léamh.[1]

2015ː graifítí i mBangkok

Togra pobail[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mbaile beag, Vadgaon, in iarthar na hIndia, tá staonadh digiteach oifigiúil curtha i bhfeidhm. Gach tráthnóna ó 7.00 go 8.30 bíonn cosc ar an teilifís ná an fón póca a úsáid. Tá cosc ar ghléasanna digiteacha eile chomh maith. Caitheann daoine am ag labhairt lena chéile agus ag déanamh obair bhaile. Séideann bonnán ag 7.00pm agus arís ag 8.30pm chun an tús agus an deireadh a fhógairt.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 maynooth university.ie (17 Deireadh Fómhair 2022). "ELeathanach 420". Dáta rochtana: 17 Deireadh Fómhair 2022.