Dísiú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Táirgeadh dís leictreon is posatrón ag fótón X-ghathach ardfhuinnimh nó gáma-ghathach, ina gcailleann an fótón méid fuinnimh atá dhá oiread an fhuinnimh choibhéisigh i mais an leictreoin ar a laghad. Tarlaíonn sé nuair a théann gáma-ghathanna trí dhamhna ar bith, agus is é an príomh-mhodh ina n-ionsúnn damhna gáma-ghathanna ardfhuinnimh.