Díog Beaufort
Cineál | Trinse aigéanach | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | an Ríocht Aontaithe | |||
| ||||
Is trinse nádúrtha laistigh de Shruth na Maoile idir oirthuaisceart Uladh agus iardheisceart na hAlban í Díog Beaufort. Tá an díog 50 km ar fad, 3.5 km ar leithead agus 200-300 m ar doimhneacht.
Taifeadtar an díog sa bhliain 1856 mar rud a d'aimsigh an Captaen Beechey "roinnt blianta ó shin".
Geomoirfeolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is gleann tolláin báite í Díog Beaufort, creimeadh oighearshruthanna le linn na tréimhse oighreacha deiridh ba chúis leis, agus tá cosc curtha air ó líonadh le dríodar mar gheall ar shruthanna láidre taoide.[1]
Muinisin dumpáilte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar gheall ar a dhoimhneacht agus a chóngaracht do chalafort míleata i gCàrn Rìoghain, rinneadh Díog Beaufort amach ón gcósta ina láithreán dumpála is mó sa Ríocht Aontaithe le haghaidh muinisean ceimiceacha traidisiúnta agus barrachais, tar éis an Dara Cogadh Domhanda : bhí sé in úsáid chun críche sin ó thús an 20ú haois. Tá sé measta ag an Aireacht Cosanta go bhfuil breis is milliún tonna muinisean dumpáilte ann, lena n-áirítear 14,500 tonna de roicéid airtléire líonadh le foisgéin a dumpáladh i mí Iúil 1945.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Fisheries Research Service document Curtha i gcartlann 2020-11-19 ar an Wayback Machine
- G FORD, L OTTEMÖLLER, B BAPTIE. 2005. Analysis of Explosions in the BGS Seismic Database in the Area of Beaufort’s Dyke Curtha i gcartlann 2011-12-13 ar an Wayback Machine, 1992–2004. British Geological Survey Commissioned Report, CR/05/064. 15pp.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Callaway (May 2011). "The formation and evolution of an isolated submarine valley in the North Channel, Irish Sea: an investigation of Beaufort's Dyke" (as en). Journal of Quaternary Science 26 (4): 362–373. doi: . Bibcode: 2011JQS....26..362C.