Dé-óid sholasastaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dé-óidí solasastaíocha éagsúla

Dé-óid bheag leathsheoltóra a astaíonn solas nuair a ritheann sruth tríthi is ea dé-óid sholasastaíoch (DÓS). Braitheann dath an tsolais astaithe ar an ábhar leathsheoltóra sa dé-óid. Úsáidtear na dé-óidí seo mar shampla i léirithe ar áiritheoirí leictreonacha, agus san asléamh in uaireadóir digiteach.