Dátú geolaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is eol dúinn rátaí meatha is leathréanna na ndúl radaighníomhach, mar úráiniamtóiriam, chun luaidhe a tháirgeadh faoi dheireadh. Trí mhéid na ndúl seo a thomhas i sampla carraige, is féidir a rá cé chomh fada is a bhí na próisis meatha ar siúl, agus uaidh sin aois na carraige a dhíorthú. Tugtar dátú radaiméadrach ar an bpróiseas seo freisin. Ar an mbealach seo, is féidir dátaí a leagan síos do na réanna is na tréimhsí geolaíocha éagsúla.