Cábla comhaiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cábla comhaiseach

Is éard is cábla comhaiseach[1] ann ná saghas sreangaithe leictrigh le cailliúint réasúnta íseal fuinnimh a úsáidtear sa teaghlach chun aeróg teilifíse a cheangal le teilifíseán. I gcórais ríomhaire, is é an t-idircheangal caighdeánach idir ríomhairí i LAN (líonra ceantair áitiúil). Tá cáblaí snáithíní optúla nó cáblaí casphéire neamhdhíonta á n-úsáid de réir a chéile i bhfeidhmeanna atá tagtha in ionad an LAN (mar shampla, an tIdirlíon).[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “cábla comhaiseach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cábla comhaiseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 102.