Líonra achair logánta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Séard is Líonra Achair Logánta (local area network (LAN) i mBéarla) ann ná líonra ríomhairí a shíneann thar achar beag, ar nós teach, oifig nó grúpa foirgnimh. Go minic bíonn chomhbhunachar sonraí, bogearraí comónta, comhphrintéir, comhbhreacaire, agus forimeallaigh chomónta eile ar an líonra logánta. Bíonn formhór na líonraí logánta atá in úsáid sa lá atá inniu ann bunaithe ar cheann de dhá theicneolaíocht:

  • Líonra thar cáblaí: Ethernet (IEEE 802.3)

  • Líonra gan sreang: Wi-Fi (IEEE 802.11)

Is iad na príomhthréithe atá ag líonraí logánta (i gcodarsnacht le líonraí fairsing) ná go mbíonn rátaí aistrithe sonraí an-ard acu, go síneann siad thar achar beag agus nach mbíonn gá línte teileachumarsáide a léasú dóibh.

Is féidir leibhéil éagsúla castachta a bheith in aon stáisiún oibre, é ina theirminéal amháin nó ina ríomhaire. Pléann an líonra logánta le comhshonraí, agus déanann gach stáisiún oibre atá ceangailte leis cumarsáid éasca lena chomhstáisiuin oibre. De ghnáth, bíonn ríomhaire lárnach, le cuimhne an-mhór, a fheidhmíonn faoina chóras oibriúcháin féin mar nód lárnach don líonra, agus tugtar an riarthóir air. Bíonn a leithéid de LAN áisiúil in oifig nó roinn ina mbíonn dream daoine ag plé leis na sonraí is na próisis chéanna, agus gá le cumarsáid eatarthu an t-am ar fad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Líonra ceantair áitiúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 411.